Scaoil amach an bobailín!

Ón Vicífhoclóir, an foclóir ábhair shaor.

Is nath cainte é Scaoil amach an bobailín!

Deirtear é le teann spraoi. Máirtín Seoighe: Má bhíonn rudaí ag dul go maith cuirfidh muid i gcás ag cluiche peile/iománaíochta, iomaíocht ghéar ann nó má bhíonn sé ina chraic ag damhsa agus chuile dhuine i ndea-ghiúmar deirtear ansin é sna comhthéacsannaí sin.' Deirtear é agus é ina scléip.

Feictear uaireanta daoine ag rá gur nath gáirsiúil é ach ní hea. Is é a bhí le rá ag an scríbhneoir Darach Ó Scolaí faoi:

Nuair a bhí mé ar an mbunscoil deirtí "Hé hó a deir an bobailín nuair a thit sé sa tobairín!" sula mbuailfí idir an dá chois thú. Níos deireanaí a tháinig an nath "Scaoil amach an bobailín!" chun cinn, ach ní raibh dabht ar bith riamh orm nach é an bobailín céanna a bhí i gceist.