Úsáideoir:Marcas.oduinn/Foilsithe/Ainmfhocail 1d/OarS
Is sa chéad dhíochlaonadh a mbíonn an chuid is mó den ainmfhocail fhirinscneacha a chríochnaíonn ar chonsan leathan.
Sa ghinideach uatha, caolaítear an consan deiridh. Is ionann an gairmeach uatha agus an ginideach uatha. Is ionann an tabharthach uatha agus an t-ainmneach uatha.
Tá idir lag- is thréaniolraí ann sa díochlaonadh, agus foirm ar leith don ghairmeach.
Ginideach
[cuir in eagar]Is í saintréith ghinideach uatha an chéad dhíochlaonta ná go séimhítear é.
Athraítear gutaí áirithe mar a leanas de dheasca chaolú an chonsain deiridh:
Gairmeach
[cuir in eagar]Is é an chéad díochlaonadh an t-aonar amháin a bhfuil foirm ar leith aige don ghairmeach. Is ionann an uatha agus an ginideach uatha. Cruthaítear an t-iolra leis an bhfréamh leathan + a.
Lagiolraí
[cuir in eagar]Is í saintréith lagiolra ná gurb ionann an ginideach iolra agus an ainmneach uatha.
Tá dhá fhoirm ann d'ainmneacha lagiolra an chéad dhíochlaonta:
Is ionann an tabharthach iolra agus an t‑ainmneach iolra sa chaighdeán; san iarbhéarla agus roinnt canúintí, áfach, cruthaítear an ti leis an iarmhír -aibh, m.s. bádaibh, úllaibh.
Lagiolraí ar chonsan caol
[cuir in eagar]| bád | Uatha | Iolra |
|---|---|---|
| Ainmneach | bád | báid |
| Gairmeach | a bháid | a bháda |
| Ginideach | báid | bád |
| Tabharthach | bád | báid bádaibh |
Maraon leis an nginideach uatha, aithrítear siolla deiridh -ch go -gh (neamhghlórach go glórach) i ndiaidh an chaolaithe.
| marcach | Uatha | Iolra |
|---|---|---|
| Ainmneach | marcach | marcaigh |
| Gairmeach | a mharcaigh | a mharcacha |
| Ginideach | marcaigh | marcach |
| Tabharthach | marcach | marcaigh marcachaibh |
Lagiolra ar -a
[cuir in eagar]| úll | Uatha | Iolra |
|---|---|---|
| Ainmneach | úll | úlla |
| Gairmeach | a úill | a úlla |
| Ginideach | úill | úll |
| Tabharthach | úll | úlla úllaibh |
Samplaí eile:
Tréaniolraí
[cuir in eagar]Is í saintréith tréaniolra ná gurb ionann an ginideach iolra agus an t‑ainmneach iolra, (ach amháin an tabharthach iolra canúnach ar -(a)ibh) .
Iarmhíreanna tréaniolra atá sa chéad dhíochlaonadh ná: -(a)í, -t(h)a,, -anna.
| rós | Uatha | Iolra |
|---|---|---|
| Ainmneach | rós | rósanna |
| Gairmeach | a róis | a rósanna |
| Ginideach | róis | rósanna |
| Tabharthach | rós | rósanna rósannaibh |
Samplaí eile:
- aonach, gu aonaigh, iol aontaí
- bealach, bealaigh, bealaí
- carr, cairr, carranna
- glór, glóir, glórtha
- leanbh, linbh, leanaí
- néal, néil, néalta
- samhradh, samhraidh, samhraí
- scéal, scéil, scéalta
- toradh, toraidh, torthaí
Tréaniolraí le coimriú an deiridh:
- briathar, gu briathair, iol briathra
Tréaniolraí le coimriú an deiridh agus caolú na fréimhe:
- bóthar, gu bóthair, iol bóithre
- cloigeann, cloiginn, cloigne
- doras, dorais, doirse
- solas, solais, soilse
Foirmeacha tréaniolra eile:
- breitheamh, gu breithimh, iol breithiúna
- ollamh, ollaimh, ollúna
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar]- An Caighdeán Oifigiúil, 2017
- A Grammar of the Irish Language, O'Donavan, 1845
- Gramadach na Gaeilge ar Nualéargais
- Irish declension ar Wikipedia
- Irish declension ar WikiBooks, le ceachtanna
- Declension overview and guesser ar Nualéargais
- Acoimre díochlaonta Gaeilge ar Project Gutenberg
Féach freisin
[cuir in eagar]
- Catagóir:Gaeilge
- Catagóir:Teimpléid Ghaeilge
- Catagóir:Aguisíní Gaeilge
- Catagóir:Gaeilge: ainmfhocail
Catagóir Aguisíní Gaeilge Ainmfhocail 1d