éan

Ón Vicífhoclóir, an foclóir ábhair shaor.
Tá alt ag an Vicipéid ar:

Gaeilge[cuir in eagar]

Fuaimniú

  • IPA: /eːn̪ˠ/

 éan cabhair, comhad

Éan beag (meantán mór)

Ainmfhocal

éan, fir.¹ (gu. & ai. éin, gi. éan)

  1. Veirteabraigh cleitigh aonteasaigh aimnínigh den rang Aves a mbíonn na tréithe seo acu: géaga thosaigh tiontaithe ina sciatháin le haghaidh na heitilte, atáirgeadh ubh-bhreitheach agus cúram na n-óg.
    • Éin tí, cearc.
    • Éan dearg, puifín.
    • Éan gualainne, éan peata.
    • Éan dubh, lon dubh, Turdus merula.
    • Éan beannaithe, glasóg, Motacilla.
    (fáthchiallach) duine éaganta.
  2. Éan lachan, lacha óg. Éan gé, góislín, óg.
  3. (Neacha óga go ginearálta) Éan róin, lao róin. Éan (na) cuaiche (duibhe), páiste aonair. An t-éan deireannach, an leanbh deireannach den 'ál'.
  4. (Duine) Éan corr, duine corr, duine nach bhfuil páirteach i ngrúpa, strainséir. Bheith i d'éan aonair, dearg, scoite, bheith gan chompánach.
    Féach cuideáin.
Mal: iol. éanacha.

Aistriúcháin

Tagairtí

  • Tomás de Bhaldraithe, English-Irish Dictionary, Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath, 1959
  • Niall Ó Dónaill, Foclóir Gaeilge-Béarla, Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath, 1977
  • Mike Lambert & Alan Pearson, Éin, An Gúm, Baile Átha Cliath 1996 (aistr. Máirtín Ó Cléirigh)
  • New Shorter Oxford English Dictionary, CD edition 1997, Oxford University Press, Oxford 1973, 1993, 1996.
  • Foclóir Téarmaíochta FIONTAR