Vicífhoclóir:Riarthóirí

Ón Vicífhoclóir, an foclóir ábhair shaor.

Is éard atá i riarthóirVicífhoclóir a bhfuil "cearta oibreora córais" aige/aici. Is é polasaí reatha na Vicífhoclóir ná go dtugtar na cearta seo amach go fairsing chuig aon duine atá ina chuiditheoir Vicífhoclóire ar feadh tamaill agus atá go ginearálta ina bhall iontaofa den chomhphobal.

"This should be no big deal," mar a dúirt Jimbo Wales.

Níl aon údarás speisialta ag oibreoir córais, agus tá siad cothrom le gach duine eile maidir le freagrachtaí agus cumhachtaí. B'fhéidir gur téarmaí mí-oiriúnacha iad "oibreoir córais" agus "riarthóir" - níl iontu ach úsáideoirí Vicífhoclóire ar ar bronnadh teorainn úsáide agus slándála, de bharr gur meastar iad a bheith iontaofa agus oiriúnach agus nach mbainfeadh siad mí-úsáid astu. Ní ceart go mbeidh aon chumhacht ag na hoibreoirí córais ar úsáideoirí eile, ach amhain na socruithe a dhéanann na Vicífhoclóirí go léir a chur i bhfeidhm .

Cad is brí leis?[cuir in eagar]

Lean ag obair!

Tá teorannacha ar cúpla tréithe tábhachta sna vicí-bogearraí. Bíonn rochtain ag oibreoirí córais ar na tréithe teoranta seo a leanas:

Leathanaigh ghlasáilte[cuir in eagar]

  • Leathanaigh ghlasáilte a athrú go díreach.
  • Leathanaigh a ghlasáil agus a dhíghlasáil. Ní ghlasálaítear leathanaigh ach amháin i gcásanna áirithe: féach ar Vicífhoclóir:Polasaí glasála.

Scriosadh agus díscriosadh[cuir in eagar]

  • Leathanaigh agus a gcuid staire a scriosadh. Féach ar Vicífhoclóir:Polasaí scriosta. Chun leathanach éigin a mholadh don scriosadh (tar éis duit an polasaí a léamh!), féach ar Vicífhoclóir:Leathanaigh le scriosadh. Scriostar leathanaigh mar gheall ar cúiseanna teicniúla - mar shampla, alt neamhoiriúnach a bhaint amach, alt a athainmniú, nó an stair athruithe a ghabhann le leathanach amháin a chur le leathanach eile - agus nuair atá leathanach drámhaíle i gceist, gan aon ábhar ceart ann, nó a chóipeáladh as suíomh eile in aghaidh chóipchirt.

Rolladh siar[cuir in eagar]

  • Leathanaigh a rolladh siar go tapaidh. Is féidir le húsáideoir ar bith leathanach a rolladh siar go leagan níos sine - is cuma má tá an duine logáilte isteach nó nach bhfuil. Tá uirlis uathoibrithe níos tapúla ag riarthóirí chun cabhrú le loitiméireacht na n-úsáideoirí gan ainmneacha a rolladh siar. Nuair a fhéachann siad ar an liosta dréachtaí do úsáideoir éigin, feictear nasc mar sin: [rollta siar] – ar thaobh dheis na n-athruithe ag barr stair an leathanaigh. Le gliogáil ar an nasc seo, tiontaítear an leathanach ar ais chuig an leagan deireanach nach ndearna an t-úsáideoir sin, leis an athchoimriú (Rolladh athruithe de chuid X siar chuig an leagan deireanach de chuid Y) agus marcálaítear é mar mhionathrú.

Loitiméireacht a bhaint as an leathanach "Athruithe is déanaí"[cuir in eagar]

  • Is féidir le hoibreoirí córais tuilleadh loitiméireachta a fholmhú ón leathanach "Athruithe is déanaí".

Cosc agus díchosc[cuir in eagar]

  • Coisc a chur ar seolta IP, réimsí IP, agus cuntais úsáideora, ar feadh tamaill áirithe nó neamháirithe.
  • Coisc a bhaint de sheolta IP, réimsí IP, agus cuntais úsáideora
  • Féach ar Vicífhoclóir:Polasaí coisc le tuilleadh eolais. Féach ar Speisialta:Ipblocklist chun liosta a fháil de húsáideoirí agus seolta atá faoi chosc faoí láthair.

Iarratais bunachar sonraí[cuir in eagar]

  • Agus a chumasaítear an tréith Speisialta:Asksql, is féidir le hoibreoirí córais iarratais inléite amháin a dhéanamh ar an mbunachar sonraí. Nuair a díchumasaítear an tréith, nó muna bhfuil tú chinnte faoi conas SQL a úsáid, nó mura bhfuil tú i d'oibreoir córais, is féidir leat iarraidh ar dhaoine eile iarratas a dhéanamh duitse ag Vicífhoclóir:Iarratais SQL. Má tá sé uathu iarratas níos fada a dhéanamh ná 30 soicind, ba cheart duit an dumpa cúltaca agus bunachar sonraí MySQL a íoslódáil agus iarratas a dhéanamh go logánta. Moltar gan iarratais a dhéanamh atá níos faide ná 10 soicind.

Déanamh agus cur i bhfocail an chomhéadáin[cuir in eagar]

Conas a bheith ceaptha mar riarthóir[cuir in eagar]

Má tá rochtain oibreora córais ag teastáil uait, cur d'ainm ar an leathanach phlé de réir na treoirlínte atá le fáil ann, agus vótálfaidh na Vicífhoclóirí eile le go gceapfaí tú i do riarthóir nó a mhalairt. Moltar duit scríobh sa Vicífhoclóir ar feadh tamaill roimh rochtain riarthóra a iarraidh. Cuimhnigh go bhfuil na rialacha saghas difriúl i ngach Vicipéid ná Vicífhoclóir.

Bí cúramach! Má thugtar rochtain duit, iarrtar ort bheith an-chúramach maidir leis na cumhachtaí sin, go háirithe maidir le scriosadh agus díscriosadh na leathanach agus na n-íomhánna (agus a gcuid staire), agus maidir le seolta IP a chosc. Is féidir leat foghlaim faoi chumhachtaí riarthóra ag an Lámhleabhar riarthóireachta. Moltar duit focal faire láidir a chur ar do chuntas úsáideora: léigh an aiste seo ag Meta.

Saghsanna eile rochtana[cuir in eagar]

Chomh maith le riarthóirí, tá saghsanna eile d'úsáideoirí ann ar na tionscadail Wikimedia. Tá siad go leor sa liosta seo, in ord cumhachta.

Úsáideoirí nach bhfuil logáilte isteach[cuir in eagar]

I mbeagán focal, is féidir leo ailt a athrú agus cabhrú le cothabháil na Vicífhoclóire, agus is féidir leo formhór acmhainní na mbogearraí a chur i bhfeidhm.

Úsáideoirí atá logáilte isteach[cuir in eagar]

Tá na cumhachtaí céanna ag na húsáideoirí seo mar atá ag na húsáideoirí gan ainmneacha, ach is féidir leo comhaid a uaslódáil, leathanaigh a athainmniú chomh maith agus teachtaireachtaí ríomhphoist a fháil ó úsáideoirí eile gan a ríomhsheoladh a thaispeáint dóibh. Féach ar Speisialta:Userlogin chun lógail isteach a dhéanamh.

Riarthóirí[cuir in eagar]

Tugtar "Oibreoirí córais" orthu chomh maith. Féach thuas.

Maorlathaigh[cuir in eagar]

Is féidir le "maorlathach" riarthóir a dhéanamh de úsáideoirí eile (ach ní féidir leo an stádas sin a bhaint díobh). Is féidir le maorlathach amháin maorlathach eile a dhéanamh sa tionscadal céanna. Is féidir le maorlathach an stádas róbó a thabhairt do, agus a bhaint de, úsáideoirí eile.

Maoir[cuir in eagar]

Is féidir le "maor" an stádas rochtana a athrú do úsáideoir ar bith ar tionscadal Wikimedia ar bith, an riarthóireacht san áireamh. Is féidir leat aire a iarraidh ó maor ag m:Stewards. De ghnáth, ní dhéanann siad an saghas oibre ba féidir le maorlathaigh áitiúla a dhéanamh.

Forbróirí[cuir in eagar]

An céim is airde rochtana teicniúla (i ndáiríre tá cúpla fo-leibhéil ann, ach ní féidir le húsáideoirí aon difríocht ceart a dhéanamh eatarthu) aga sa "forbróir". Is féidir leo athruithe díreacha a dhéanamh ar bogearraí agus bunachar sonraí na Vicífhoclóire. Ar an iomlán, ní dhéanann siad obair riarthóireachta ach amháin chun athruithe a chur i leith do dhaoine agus seiceáil ar mí-úsáid an chórais (mar shampla, má mheastar go bhfuil duine éigin ag baint úsáid as cuntais úsáideora éagsúla chun calaois a dhéanamh). Is féidir teangmháil a dhéanamh leo ag Wikitech-L. Féach ar m:Developer le tuilleadh eolais.

Drochíde riarthóireachta[cuir in eagar]

Is féidir an riarthóireacht a bhaint de dhuine má bhaineann sé nó sí mí-úsáid as a chuid cumhachtaí. Faoi láthair, ní féidir le h-aon duine ach Jimbo Wales an saghas sin scéil a shocrú. De réir a chomhairle féin, is féidir píonóis níos lú a chur ar riarthóirí a chruthaíonn fadhbanna. Is féidir le maoir an stádas riarthóra a bhaint de dhuine.

Déileáil le hábhair gearáin[cuir in eagar]

Má mheasann tú go rinne riarthóir drochghníomh id' éadan nó in éadan úsáideora eile, ba cheart duit é sin a phlé go díreach leis an riarthóir freagrach. Munar féidir libh an scéal a réiteach, is féidir leat dul níos faide de réir Vicífhoclóir:Argóint a réiteach.