leaba

Ón Vicífhoclóir, an foclóir ábhair shaor.

Gaeilge

Leaba (troscán codlata)

Fuaimniú

  • IPA: /lʲæːbˠə/

Ainmfhocal

leaba, bain.nr (gu. leapa, iol. leapacha)

  1. Áit codlata.
    1. Troscán ardaithe ón talamh ar cheithre cos de ghnáth, ar a chodlaítear agus a ngabhann leis (tocht, éadaigh leapa, piliúr).
    2. Pluais ainmhí.
  2. Tuama pasáiste, tuaim.
  3. Grinneall (leaba abhann, leaba uisce).
  4. Beart (leaba loinge, leaba ancaire).
  5. Iomaire i ngarraí ina chuirtear glasraí, ceapach.
  6. Bonn, suíomh (leaba chloiche, leaba sheoide).
  7. I leaba, in áit, in ionad.

Focail fréamhaithe ó 'leaba'

Aistriúcháin


Tagairtí

  • Tomás de Bhaldraithe, English-Irish Dictionary, Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath, 1959
  • Niall Ó Dónaill, Foclóir Gaeilge-Béarla, Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath, 1977
  • An Foclóir Beag
  • Foclóir Téarmaíochta FIONTAR