Plé teimpléid:gsw

Page contents not supported in other languages.
Cuir topaic leis
Ón Vicífhoclóir, an foclóir ábhair shaor.
Latest comment: 15 bliain ó shin by Moilleadóir

Ainm[cuir in eagar]

Tá trí ainm ann don chód seo as Béarla: Alemannic, Alsatian agus Swiss German. Is téarma níos ginearálta é Alemannic áfach mar is teangacha Alemannic iad gct (Alemán Coloniero), swg (Swabian German) agus wae (Walser German ) freisin.

Tugann {{#language:gsw}} an toradh Alemannisch ach is é an teideal atá ann san EthnologueSchwyzerdütsch agus tá an cuma air go bhfuil Swiss German coitianta ar Wikipedia.

So, céard ba cheart a thabhairt uirthi as Gaeilge?

Gearmáinis Eilvéiseach.   Is téarma éiginnte é seo. Tá teangacha/canúintí eile dhá labhairt san Eilvéis (m.sh. wae Walser German) agus is féidir é a thiscint mar Gearmáinis Chaighdeánach na hEilvéise - rud difriúil ar fad.

Almáinis.   De réir Ó Dónaill is seantéarma é seo le haghaidh na Gearmáinise féin (& tá sé ag Dinneen freisin). Is dócha go bhfuil an focal seo réidh le brí nua anois, mar níl sé i mbéal an phobail faoi láthair ach ní ba cheart dúinne é a dhéanamh.

Téarma nua.   Bhuel, ní ba cheart dúinn téarma nua a chruthú ach oiread, ach b'éasca é rud mar Aileamáinis nó focal gránna eile le -ic air (ar nós Gearmáinic) a chumadh. Almáinic b'fhéidir?

Níl mé sásta le ceann ar bith díobh seo, ach chuir mé Gearmáinis Eilvéiseach sa teimpléad.

Moilleadóir 18:28, 1 Meitheamh 2008 (UTC)Reply