Jump to content

Aguisín:Aidiachtaí Gaeilge

Ón Vicífhoclóir, an foclóir ábhair shaor.

trí dhíochlaonadh na n-aidiachtaí ann sa Ghaeilge, agus na tuisil chéanna ag gach ceann acu mar a bhfuil ag na hainmfhocail (ainmneach, gairmeach, ginideach, tabharthach). Géilleann[1] na haidiachtaí do na hainmfhocail ó thaobh tuisil, iolrachta, [2] agus inscne de.[3]

Rangaítear na trí dhíochlaonadh de réir a ndéirí: consain; úil, ir; gutaí. Tá foirmeacha an ghinidigh uatha ar aon dul le foirmeacha díochlaonadh na n-ainmfhocal:

    • 1d-fir le ainm-1d (caolú)
    • 1d-bain le ainm-2a (+ e[4])
    • 2a-bain[5] le ainm-3ú (+ a)
    • le ainm-4ú (neamhathraithe).

Cruthaítear na hiolraí de ghnáth leis an iarmhír a.[6] Meastar gur lagtréan iad i gcomhtheacht leis an ainmfhocal a cáilíonn siad, agus bíonn an riail chéanna i bhfeidhm ag an ginideach iolra: más lag an ainmfhocal, is ionann foirm na haidiachta agus an ainmneach uatha; más tréan an ainmfhocal, is ionann í agus an ainmneach iolra.

Coimrítear roinnt aidiachtaí an chéad dhíochlaonta sa gubain, agus iolra. Agus caol an fhoirm ghinidigh seo, is caol chomh maith iolraí a lán dóibh siúd, agus infhilltear úd le + e.

Cruthaítear an bhreischéim (agus sárchéim) go rialta leis an gu-bain. Tá tacar beag ann de bhreischéimeanna neamhrialta. Déantar athruithe tosaigh ar aidiachtaí Gaeilge ach séimhiú amháin,[7] i gcomhtheacht le patrún[8] an ainmfhocail cháilithe. Séimhítear gach aidiacht cháilitheach.[9] Ní bhíonn an "dentals"-riail i bhfeidhm.[10]

Treoir mhearthagartha

[cuir in eagar]
1d 2a
Inscne firbain firbain f & b
Uatha Ainm consan úil, ir guta
Gair caol- - -
Gin caol [11]+ e -+ a -
Tabh -caol [12] - -
Ainmfhocal lagiolra Ainm + a [13] + a -
Gair + a + a -
Gin - - -
Tabh + aibh [14] + aibh -
Ainmfhocal tréaniolra Ainm + a + a -
Gair + a + a -
Gin + a + a -
Tabh + aibh [14] + aibh -

Céad díochlaonadh

[cuir in eagar]

Críochnaíonn aidiacthaí an chéad díochlaonta le consain (ach amháin iad a bhfuil sa dara díochlanadh le úil and ir).

Cruthaítear an ginideach uatha firinscneach (gu-fir) de ghnáth trí chaolú an chonsain dheiridh, ach tá eisceachtaí ann (agus eisceachtaí in aghaidh na n-eisceachtaí). Is ar aon dul le dara díochlaonadh an ainmfhocail é an ginideach uatha baininscneach (gu-bain), 'sé sin, le hiarmhír e. Cruthaítear an t-iolra de ghnáth leis an iarmhír a, ach géilleann an ginideach don lag/tréan-riail, i gcomhthéacs leis an ainmfhocal cáilithe.

Aidiachtaí nach gcaolaíonn an gu-fir: [15]

Scríobhtar gu-bain aidiachtaí a chríochnaíonn le ach (ilsiollacha) mar  < aighe.

Coimriú agus iolraí le + e

[cuir in eagar]

Agus gu-bain agus iolraí aidiachtaí an chéad díochlaonadh á chruthú, is minic a coimrítear gutaí gan béim orthu.

  • folamh, gu-bain, breis foilmhe ( *folaimhe), ai folmha
  • ramhar, gu-bain, breis raimhre, ai ramhra

Coimrítear cúpla aidiacht san iolra, nach gcoimrítear sa ghinideach.

  • bodhar, gu-bain, breis bodhaire, ai bodhra
  • sleamhain, gu-bain, breis sleamhaine, ai sleamhna

Más caol í an fréamh, b'fhéidir gur caol fós é an t-iolra.

  • íseal, gu-bain, breis, ai ísle
  • láidir, gu-bain, breis, ai láidre
  • Eisceachtaí (fréamh leathan, ach iolra fós le + e), mar shampla:
    • domhain, gu-bain, breis, ai doimhne
    • uasal, gu-bain, breis, ai uaisle

Is cás as cuimse é álainn, a chailleann siolla iomlán:

  • álainn, gu-bain, breis, ai. áille.

Táblaí díochlaonadh

[cuir in eagar]
mór Uatha Lagiolra
firbainf & b
Ainmmórmhórmóra
Gairmhóirmhórmóra
Ginmhóiriremór
Tabhmórmhórmóra
ocrach Uatha Lagiolra
firbainf & b
Ainmocrachocrachocracha
Gairocraighocrachocracha
Ginocraighocrocrach
Tabhocrachocrachocracha
fliuch Uatha Lagiolra
firbainf & b
Ainmfliuchfhliuchfliucha
Gairfhliuchfhliuchfliucha
Ginfhliuchflichefliuch
Tabhfliuchfhliuchfliucha
ramhar Uatha Lagiolra
firbainf & b
Ainmramharramharramhra
Gairramharramharramhra
Ginramhairraimhreramhar
Tabhramharramharramhra

Dara díochlaonadh

[cuir in eagar]

Is iad iarmhírenna aidiachtaí an dara díochlaonta ná úil agus ir.

Is ionann an ginideach uatha firinscneach (gu-fir) aidiachtaí an dara díochlaonta agus an ainmneach uatha, ós rud é gur caol iad i dtosach báire. Is ionann ginideach uatha baininscneach (gu-bain) na n-aidiachtaí agus tríú díochalanadh na n-ainmfhocal, 'sé sin, le hiarmhír a. Cruthaítear na hiolraí leis an iarmhír a, ach géilleann an ginideach an lag/tréan-riail, i gcáilíocht leis an ainmfhocal.

Tagann aidiachtaí le úil ó (s)amhail[16] an tSeanGhaeilge, ó thaobh sanasaíochta de.

Coimrítear na haidiachtaí le ir agus cuirtear an iarmhír a ann, mar shampla, deacair, gu-bain, ai deacra.

Táblaí díochlaonadh

[cuir in eagar]
suimiúil Uatha Lagiolra
firbainf & b
Ainmsuimiúilshuimiúilsuimiúla
Gairshuimiúilshuimiúilsuimiúla
Ginshuimiúilsuimiúlasuimiúil
Tabhsuimiúilshuimiúilsuimiúla
deacair Uatha Lagiolra
firbainf & b
Ainmdeacairdheacairdeacra
Gairdheacairdheacairdeacra
Gindheacairdeacradeacair
Tabhdeacairdheacairdeacra

Tríú díochlaonadh

[cuir in eagar]

Críochnáionn aidiachtaí an triú díochlanadh Ghaeilge le gutaí.

Ní athraítear deirí aidiachtaí an tríú díochlaonta ar chor ar bith.[17]

Tábla díochlaonadh

[cuir in eagar]
crua Uatha Lagiolra
firbainf & b
Ainmcruachruacrua
Gairchruachruacrua
Ginchruacruacrua
Tabhcruachruacrua

Aidiachtaí neamhrialta

[cuir in eagar]

Níl ann ach pas beag aidiachtaí neamhrialta sa Ghaeilge. Úsáidtear an foirm neamhrialta don bhreischéim.

  • breá, gu-fir. breá, gu-bain. breá, ai. breátha
  • te, gu-fir. te, gu-bain. te, ai. teo
  • gearr, gu-fir. gearr, gu-bain. giorra, ai. gearra

Bresichéime neamhrialta

[cuir in eagar]

Cruthaítear na forimeacha breischéime leis an nginideach uatha baininscneach (gu-bain).

Níl ann ach beagán breischéim neamhrialta:

Tá cúpla breischéim uireasach ann chomh maith:

  1. Réitíonn sa Chaighdeán
  2. Níl rian ar bith ann de foirmeacha déach. I ndiaidh uimhreacha, is iolra iad na haidiachtaí, agus séimhithe i ndiaidh 2—6, m.s. dhá úll mhóra
  3. Luaite de ghnáth san ord sin, m.s. ginideach uatha baininscneach
  4. Caolaigh más gá
  5. Ós rud é gur caol iad aidiachtaí 2a-fir de réir dúchais, ní infhilltear iad
  6. Uaireanta caolaithe le e.
  7. Ní uraítear iad
  8. Inscne, tuiseal, réamhfhoclach
  9. m.s. an bhean bheag fhionn
  10. m.s., an bhean dheas
  11. Tá catagóir suntasach ann d'aidiachtaí an chéad díochlaonta narbh fhéidir a chaolú
  12. Meastha iarbhéarla/canúnach, ach féach, m.s., lámh agus Ainmfhocail Ghaeilge eile le foirmeacha tabharthacha caola
  13. Tá roinnt iolraí ann le + e (go háirithe tar éis coimrithe)
  14. 1 2 Iarbhéarla/canúnach
  15. An Caighdeán Oifigiúil, 2017
  16. cf. Béarla-ly, Gearmáinis -lich
  17. Tarlaíonn aithruithe tosaigh más gá

Teimpléidí Vicífhoclóra

[cuir in eagar]
  • {{aid.|díoc|gu fir|gu bain, breis|iol}}

Féach freisin

[cuir in eagar]