Aguisín:Ainmfhocail Ghaeilge
Tá cúig[1] dhíochlaonadh na n-ainmfhocal ann sa Ghaeilge, agus ceithre thuiseal (ainmneach[2], gairmeach, ginideach, tabharthach) ag gach aon acu, le foirmeacha uatha agus iolra.[3] Samhlaítear deirí na n‑ainmfhocal le consain leathana agus caola;[4] agus gutaí. Is iad saintréithe dheirí na dtuiseal ná leathnú agus caolú na gconsan, agus iarmhíre a chur leo.
Is é an tuiseal ginideach a leagann na díochlaonta amach[5]. Tá saintréithe ag an tuiseal tabharthach uatha i roinnt de na díoclaontaí.[6]
Tá iolraí lag más ionann an ginideach iolra agus an t‑ainmneach uatha; agus tréan más ionann an ginideach iolra agus an t‑ainmneach iolra. Cruthaítear lagiolraí le caolú na gconsan, nó leis an iarmhír ‑a[7]. Faightear i measc iarmhír na dtréaniolraí ná ‑aí, ‑anna, ‑ta agus ‑acha[8][9], agus roinnt beag ainmfhocal le ‑a/e agus coimriú.[10]
Is neamhchaighdeánach é deireadh ‑aibh[11] an tuisil thabharthaigh iolra, agus meastar gur iarbhéarla/canúnach é.
Is ionann foirm an ghairmigh agus an ainmneach sa dara go cúigiú díochlaonadh. Sa chéad díochlaonadh, is caol é san uatha agus leathan + a san (lag)iolra.
Tá dhá inscne sa Ghaeilge, firinscneach agus baininscneach. Tá inscne na n-ainmfhocal sna díochlaontaí pas beag measctha, ach tá glanphátrúin ann.[12]
Déantar athruithe tosaigh ar ainmfhocail Ghaeilge.[13]
An t-alt
[cuir in eagar]Tá tábla cuimsitheach díoclaonta ann san iontráil don alt cinnte an, rialacha athruithe tosaigh san áireamh.
Mar shampla d'forbairt an ailt ón bPróta-Cheiltis, feictar a leanas an tuiseal ainmneach uatha firinscneach, le t-próitéis roimh ghuta: *sindos > *(s)ind > int → an t-.
Coinnítear an réamhfhocal taispeántach sin an 's' tosaigh Prótai-Cheiltise. Feictear an 's' freisin sna[!] giorrúcháin NuaGhaeilge den réamhfhocal i leis an alt: insan, sa(n), sna, chomh maith leis na foirmeacha canúnacha desna, dosna, ósna.
Níl alt éiginnte ann sa Ghaeilge.
Treoir mhearthagartha
[cuir in eagar]1d | 2a | 3ú | 4ú | 5ú | ||
---|---|---|---|---|---|---|
Inscne | fir | bain [14] | fir [15] & bain [16] | fir & bain [17] | bain & fir [18] | |
Uatha | Ainm | leathan | consan | consan | guta ‑ín [19] consan |
‑il, ‑in, ‑ir guta |
Gair | caol | - [20] | - | - | - | |
Gin | caol | + e [21][22] | + a | - | leathan -(e)ach guta + ch, d, n | |
Tabh | - | caol [23] | - | - | caolú an ghin | |
Lagiolraí [24] | Ainm | caol + a |
+ a [7] | + a [25] | + a [26] | [27] |
Gair | + a | + a | + a | + a | ||
Gin | - | leathan [28] | - | - | ||
Tabh | + aibh [11] | + aibh | + a | + a |
Ainmfhocail neamhrialta
[cuir in eagar]Is é saintréith gach díochlaonta ná an tuiseal ginideach. De réir an tsainmhínithe seo, níl ach pas beag ainmfhocal nach féidir a rangú, go suntasach:
Ainmfhocail ildíochlaonacha
[cuir in eagar]Tá roinnt ainmfhocal ann, agus iad ball de níos mó ná aon díochlaonadh amháin. Tá idirdhealú le déanamh idir leaganacha díochlaonta stairiúla/canúnacha d'ainmfhocal éigin, agus comhainmneacha. Is dea-shampla den dara cás é eas (“sconna mór uisce ag titim le haill”) ón tSean-Ghaeilge es, agus eas (“ainmhí”) ón tSean-Ghaeilge nes.
Ní liosta uileghabhálach é seo a leanas.
Ainmfhocal | 1d | 2a | 3ú | 4ú | 5ú | Leagan |
---|---|---|---|---|---|---|
aire | f, cúram | m, taoiseach | ||||
aireamh | m | m | treabhdóir | |||
altóir | f | f | ||||
araí | f, cuma, dreach | f, srian | ||||
beatha | f | f | ||||
breitheamh | m | m | ||||
cistin | f | f | ||||
cleas | m | m | m, buíon | |||
cnámh | m | m | ||||
cónra | f | f | crúb, cónra | |||
cré | f | f | ||||
cruicéad | m (teanglann) | m (wiki) | ||||
cú | m | m | ||||
cuisle | f | f | ||||
dair | f | f | ||||
dún | m, str | m, wk | ||||
eas | m, str, titim uisce m, wk, ainmhí |
|||||
eorna | f | f | ||||
féicheamh | m | m | creidiúnaí | |||
gabha | m | m | ||||
méid | f, toirt | m, suim | ||||
rámh | m | m (rámha) | ||||
ráth | m, str, dún f, str, scoil, báire m, wk, bannaí |
|||||
réal | m | f | sé phingin | |||
ros | m, líon, éis lín | m, rinn chrannach | ||||
srón | f | f | ||||
talamh | m | f | ||||
úr | m, teaspach | m, fraochmhá |
Notaí
[cuir in eagar]- ↑ Is aicme dá gcuid féin iad na hainmbhriathra per se; agus iad substainteach, díochlaontar na hainmbhriathra de réir na rann canónta
- ↑ Is ionann an tuiseal cuspóireach agus an ainmneach ó thaobh foirme de, agus le chéíle tugtar scaití "comónach" orthu
- ↑ Faightear fós sa NuaGhaeilge rian d'fhoirmeacha déacha PIE, go háirithe tar éis dhá, agus (sa chaighdeán) le hainmfhocail an dara díochlaonta bos, bróg, cluas, cos agus lámh
- ↑ Sa bhéarlagair, coguasach
- ↑ De réir na tréithe seo, níl ann ach beagán ainmfhocal nach féidir a chur i réim, go sonrach bean, deirfiúr, Dia, leaba, lá, mí
- ↑ Go sonrach, 2a and 5ú (ach ní de réir an Chaighdeáin, ámh)
- ↑ 7.0 7.1 Go hannamh, an leagan caol le ‑e; m.s., súil, ai. súile
- ↑ Leaganacha caola: ‑í, ‑eanna, ‑te, ‑eacha; is féidir ‑ta/te a shéimhiú go ‑tha/the
- ↑ Samhlaítear roinnt ainmfhocal agus deirí ainmfhocail le hiolraí áirithe, féach Irish Nouns
- ↑ m.s. briathar, io briathra, bráthair, io bráithre
- ↑ 11.0 11.1 cf. Latin -ibus. Dá mba rud é go raibh *busannaibh ann, d'fhéadfaí é a thuiscint mar (omni)bus‑anna‑ibus
- ↑ m.s. Is firinscneach iad gach ainmfhocal sa chéad díochlaonadh
- ↑ Ní phléitear athruithe tosaigh a thuilleadh anseo. Wikitionary declension templates include bare and initial-mutated forms, in the context of the article
- ↑ Tá trí ainmfhocal fhirinscneacha sa dara díóchlaonadh: im, sliabh, teach
- ↑ Go háirithe iarmhíreanna -éir, -óir, úir (cf. Laidin -or)
- ↑ Go háirithe iarmhír ‑acht/‑aíocht; ainmbhriathra mar substainteach le ‑áil, ‑irt, ‑úint
- ↑ Ainmfhocail theibí a chríochnaíonn ar ghuta
- ↑ Ainmfhocail fhireanna teaghlacha, agus na horduimhreacha 20-90
- ↑ Firinscneach, ach amháin ainmneacha na gcailíní, m.s, Máirín
- ↑ Sa tábla seo, is é is brí le "-" ná gurb ionann an fhoirm agus an ainmneach uatha
- ↑ Sa tábla seo, is é is brí le "+" gur gá an consan roimhe a leathnú nó a chaolú, i gcomhtheacht leis an iarmhír. Sa chás seo (+ e), caolaítear consan leathan
- ↑ Feictear ginideach uatha le í, 'sé sin ‑(e)ach: í < ighe
- ↑ Go foirmiúil, an ginideach uatha gan an iarmhír -e
- ↑ Bíonn an fhoirm chéanna ag gach tuiseal tréaniolra
- ↑ Níl ach beagán lagiolraí sa 3ú díóchlaonadh
- ↑ Níl ach cúla lagiolra sa 4ú díóchlaonadh
- ↑ Tá roinnt ainmfhocal sa 5ú díochlaonadh le iolraí neamhrialta, agus is ionann an ginideach uatha agus iolra
- ↑ Eisceacht ó riail "lagiolra"; m.s., súil, gi súl
- ↑ Ar dtús, dearbh + siúr
- ↑ Déanta na fírinne, is ainmbhriathar é, agus leapa < leabtha
- ↑ Beagnach rialta, 5ú díochlaonadh, ach amháin gur leathan é deireadh na fréimhe, ‑úr
Teimpléid Vicífhoclóra
[cuir in eagar]
- {{ainm 1|gu|iol|au-}}
- {{ainm 2|gu|iol|i-|t-|...}}
- {{ainm 3|i|gu|iol|gi|...}}
- {{ainm 4|i|iol|gu-|au-}}
- {{ainm 5|i|gu|iol|lag|...}}
- {{ainm nr|i|au-}}
- NB bug in {{tmpl}}, doesn't reproduce any field with equals sign =, e.g.
{{ainm 1|gu|iol|au=}}
- {{ainm 1|gu|iol}}
- NB {{tmpl}} gives up after 4 fields
{{ainm 2|gu|iol|i=|t=|au=}}
- {{ainm 2|gu|iol|i-|t-|...}}
- The equivalent "temp" on the EN site does not have these problems
Catagóirí
[cuir in eagar]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar]- An Caighdeán Oifigiúil, 2017
- A Grammar of the Irish Language, O'Donavan, 1845
- Gramadach na Gaeilge ar Nualéargais
- Irish declension ar Wikipedia
- Irish declension ar WikiBooks, le ceachtanna
- Declension overview and guesser ar Nualéargais
- Acoimre díochlaonta Gaeilge ar Project Gutenberg
Féach freisin
[cuir in eagar]