Aguisín:Briathra Gaeilge
Pearsa agus uimhir
[cuir in eagar]- Céad, dara, tríú; uatha, iolra.
- Saor
Faíthe, modhanna and aimsirí
[cuir in eagar]Foirmeacha réimnithe:
- Gníomhach
- Táscach
- Láithreach
- Gnathláithreach
- Caite
- Gnáthchaite
- Fáistineach
- Coinníollach
- Foshuiteach
- Láithreach
- Caite
- Ordaitheach
- Táscach
Abairtí timchaintigh, bunaithe ar bí agus/nó ainm agus aidiacht briathra:
- Gníomhach, foirfe
- Céasta
- Is féídir an fhaí chéasta a aistriú leis an saorbhriathar
Réimnithe
[cuir in eagar]- Céad
- Aonsiollach
- Deirí ilghnéitheacha
- Iarmhír -igh, m.s., nigh, léigh, dóigh
- guta gearr nó gan ghuta: f-caol, t-caol, i -> í (ach amháín roimh t), m.s. nífeá, niteá
- é: f-caol, t-caol, m.s. léifeá, léiteá
- guta fada eile: f-leathan, t-caol, m.s. dhófá, dhóiteá
- Comhbhriathra de bhriathra aonsiollacha
- Ilsiollach
- ‑áil: f-leathan, t-caol, m.s., sábhálfá, samháilteá
- Ilsiollaigh ar leith eile (le leathnú nó coimriú)
- Aonsiollach
- Dara
- Ilsiollach, ach amháin iad atá sa chéad réimniú
- Go háirithe le deirí:
- ‑igh, ‑im, ‑ing
- ‑il, ‑in, ‑ir, ‑is le coimriú.
- Neamrialta
- Níl ann ach aon bhriathar déag atá neamhrialta i nGaeilge
Foirmeacha neamhspleácha is spleácha
[cuir in eagar]Fréamhann na foirmeacha neamhspleácha is spleácha ó na foirmeacha neamhnasctha is cónasctha (do briathra simplí), agus foirmeacha prótatonach is deotratonach (do briathra coimpléascacha), mar a bhí ann le chéile sa tSean-Ghaeilge.[1] Is ionann iad na foirmeacha do na briathra rialta go léir sa NuaGhaeilge. Feictear iad go soiléir ach amháin i gcuid de na haimsirí i roinnt de na briathra neamhrialta.
Ainmfhocail agus aidiachtaí
[cuir in eagar]Ainmbhriathra
[cuir in eagar]Tá an iomarca foirmeacha na n-ainmbhriathra i nGaeilge. Tá roinnt patrún ann, ach go leor eisceachtaí. Seo a leanas deirí na n-ainmbhriathra, i liosta aibítre, ach go gcuirtear na deirí fadghuta le chéile, agus na foirmeacha gan iarmhír ag an mbun.
- á, -é, -í, -ó, -ú
- céad réímniú -igh
- guta gairid no gan guta: nigh, ní
- guta fada: leáigh, leá; pléigh, plé; dóigh, dó; súigh, sú
- dara réimniú
- igh + adh > ú: críochnaigh, críochnú
- achain, achainí
- éirigh, éirí
- fiafraigh, fiafraí
- céad réímniú -igh
- -ach
- ceannaigh, ceannach
- -acht
- fan, fanacht
- imigh, imeacht
- -achtáil
- mair, maireachtáil
- -adh
- bris, briseadh
- le leathnú: buail, bualadh
- -aidh
- iarr, iarraidh
- -áil
- tóg, tógáil
- feic, feiceáil
- go leor iasachtaí deireanaí: péint, péinteáil
- -ain
- arg, argain
- -aíocht
- tóraigh, tóraíocht
- -amh
- léigh, léamh
- déan, déanamh
- -an
- lig, ligean
- -ch
- glaoigh, glaoch
- -chan
- beoigh, beochan
- -e
- fair, faire
- ith, ithe
- -im
- tit, titim
- -int
- inis, insint
- tuig, tuiscint
- -t
- briathra le -il, -in, -ir: imir, imirt
- -úint
- lean, leanúint
- gan iarmhír
- fás[2]; ól; rith
- briathra le -áil: sábháil
- gan iarmhír le leathnú
- cuir, cur
- siúil, siúl
- ceangail, ceangal
Aidiachtbhriathra
[cuir in eagar]Tá fréamh na haidiachta leathan nó caol, bunaithe ar an mbunfhocal. Is í an iarmhír bhunúsach ná ‑tə, atá inséimhithe, agus is leathan (a) nó caol (e) é an ə deireadh, i gcomhtheacht le fraomh na haidiachta. Dá bhrí sin, is é tacar na n-iarmhíreanna ná ‑ta, ‑tha, ‑te, ‑the. Tá rialacha cruthuithe glana ann, agus iad curtha i bhfeidhm go rialta le beagán eisceachtaí.
- Dara réimniú -im, -in, -ir (ah ní -il): leathnaítear an fraomh
- Dara réimniú -is: coimrítear an fraomh
- briathra le -igh: lig an gh ar lár, ag nochtadh an ghuta i
- dntls, th, gutaí: ní shéimhítear an iarmhír
- le -th, -thte > te,
- briathra le -bh, -mh: bhth, mhth > f
Samplaí de réir na rialacha seo:
- foghlaim, foghlamtha
- oscail, oscailte
- inis, inste
- glan, glanta
- nigh, nite
- ith, ite
- scríobh, scríofa
Aidiachtbhriathra neamhrialta:
- beir, breith
- bí, bheith
Díochlaonadh na n-ainmbhriathra
[cuir in eagar]Braitheann díochlaonadh na n-ainmbhriathra ar a gcomhthéacs. Agus iad ina sheasamh mar substainteach[3], diochlaontar iad le díochlaonadh an ainmfhocail a ghlactar leo. De ghnáth, is í inscne an ainmbhriathair ná príomhinscne an díochlaonta, ach tá eisceachtaí ann.
- céad díochlaonadh: ól (f), óil
- dara díochlaonadh: titim (b), titime
- tríú díochlaonadh: foghlaim (b), foghlama
- ceathrú díochlaonadh: ithe (f)[4], ithe
Agus iad ina seasamh mar infinideach, díochlaontar iad le cabhair óna haidiachtbhriathra.
- ól, ólta
- titim, tite
- foghlaim, foghlamtha
- ithe, ite
Tá ainmbhriathra ann, ámh, a díochlaontar i gcónaí leis an aidiachtbhriathar, is cuma an comhthéacs.
- socrú, socraithe, socruithe
Copail
[cuir in eagar]Níl ag an gcopail ach trí aimsir. Ní dhíoclaontear í.
- gníomhach láithreach (agus fáisteanach)
- gníomhach caite (and coinníollach)
- foshuiteach láithreach
Briathra uirseacha
[cuir in eagar]Níl ann ach domán beag bhriathra uirseacha i nGaeilge, go suntasach:
- ar
- dar
- dóbair
- feadair
Is briathar uirseach í an chopail (féach thuas), de réir gach dealramh.
Teimpléidí Vicífhoclóra
[cuir in eagar]- {{briath}}, gach réimniú
Notaí
[cuir in eagar]- ↑ Dependent and independent verb forms ar Wikipedia
- ↑ Fiche blia(i)n ag fás
- ↑ le haghaidh tuilleadh eolais, féach mar shampla an t-ainm briathartha á phlé ar Nualeargais
- ↑ Dar liom, tá ithe teibí, mar sin (b)!
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar]- Regular Verbs ar Nualeargais
- Conjugating Regular Irish Verbs ar gaeilge.org
- Irish Verb Inflection, Paolo Acquaviva