Aguisín:Ainmfhocail Ghaeilge 5ú
Is baininscneach iad formhór na n-ainmfhocal sa chúigiú díochlaonadh; is firinscneach iad, áfach, ainmfhocail fhireanna teaghlaigh (m.s. athair), agus na huimhreacha 20, 30 srl. (m.s. fiche, tríocha). Féadann an t‑ainmneach uatha críochnú ar: consain chaola ‑id, ‑in(n), ‑ir (níos annamha ‑ig, ‑il); guta.
Is í saintréith an cúigiú díochlaonadh ná an ginideach uatha agus consan leathan aige. Tá sé de nós ag an tabharthach uatha bheith caol.
Is tréaniolraí iad de ghnáth iolraí an chúigiú dhíochlaonta, seachas correisceacht nó dhó.
Is ionann foirmeacha an ghairmigh, idir uatha agus iolra, agus an t‑ainmneach.
Níl ann ach líon beag[1] ainmfhocal sa chúigiú díochlaonadh.
Ginideach
[cuir in eagar]Is é an gnáthriail é don chúigiú díochlaonadh ná go gcríochnaíonn an ginideach uatha ar chonsan leathan. Is féidir fréamh chonsain chaoil a leathnú, go minic le hiarmhír ‑ach; nó le hiarmhír ‑(a)d nó ‑(a)n(n) d'fhréamh ghuta.
- leathnú
- leathnú + -ach
- fréamh chaol + -each (le coimriú más gá)
- guta + -(a)d
- guta + -(a)n(n)
Tabharthach
[cuir in eagar]Cruthaítear tabharthach uatha an chúigiú dhíochlaonta ón nginideach uatha agus é chaolaithe. Toisc go bhfuil consain chaola ag formhór na fréamchacha, áfach, is deacair é, an fhoirm a aithint.
Is é an sampla is suntasaí ná Éire:
Samplaí eile a chloistear go coitianta:
Tá beagán ainmfhocal ann sa chúigiú dhíochlaonadh a chríochaíónn ar ‑in(n), dárb ionann a n-ainmneach uatha agus an buntabharthach uatha.
Lagiolraí
[cuir in eagar]Is í saintréith lagiolra ná gurb ionann an ginideach iolra agus an ainmneach uatha. D'fhéadfaí a rá nach bhfuil a leithéid sa chúigiú díochlaonadh.
Tréaniolraí
[cuir in eagar]Is í saintréith tréaniolra ná gurb ionann an ginideach iolra agus an ainmneach iolra.
Cruthaítear iolraí an chúigiú díochlaonadh go rialta le foirm an ghinidigh uatha + a.
Tá líon beag ainmfhocal ann a bhfuil ginideach uatha ar chonsan leathan acu, agus tréaniolra acu a chruthaítear leis an bhfoirm úd caolaithe (le coimriú más gá) + ‑eacha
- athair fir., athar, aithreacha
- deartháir fir., dearthár, deartháireacha
- máthair, máthar, máithreacha
- abha/abhainn, abhann, aibhneacha
Tá líon beag ainmfhocal ann a bhfuil tréaniolraí acu, a chruthaítear leis an nginideach uatha (caolaithe más gá) + (i)‑í
Feictear thíos sampla gan altanna don fhocal cathair.
cathair | Uatha | Iolra |
---|---|---|
Ainmneach | cathair | cathracha |
Gairmeach | a chathair | a cathracha |
Gineadach | cathrach | cathracha |
Tabharthach | cathair | cathracha |
Neamhiolraí
[cuir in eagar]Chuimsítear sa chúigiú dhíochlaonadh, iolraí atá "scoth‑lag", áit gurb ionann an ginideach iolra agus an ginideach uatha.
- cara, gs. -d, tu. -id, ai. cairde, gi. -d (also strong)
- caora, gs. -ch, tu. -igh, ai. -igh, gi. -ch
- comharsa, gs. -n, tu. -in, ai. -na, gi. -n
- dearca, gs. -n, tu. -in, ai. -in, gi. -n
- eo, gs. iach, tu. iaich, ai. iaich, gi. iach (lit.)
- faocha, gs. -n, tu. -in, ai. -in, gi. -n
- lacha, gs. -n, tu. -in, ai. -in, gi. -n
- pearsa, gs. -n, tu. -in, ai. -na, gi. -n
Neamhiolraí eile:
- bráthair, gu. bráthar, ai. bráithre, gi. bráithre
- ionga, iongan, ingne, ingne
- talamh, talún, tailte, tailte
Ainmfhocail fhirinscneacha
[cuir in eagar]De ghnáth, is baininscneach iad ainmfhocail an chúigiú dhíochlaonta.
Is iad a leanas na hainmfhocail fhirinscneacha:
- aire fir.
- athair fir.
- bráthair fir.
- cara fir.
- deartháir fir.
- namhaid[2] fir.
- Uimhreacha 20, 30, 50, 60, 70, 80, 90
Ainmfhocail ildíochlaonacha
[cuir in eagar]- Le haghaidh liosta ainmfhocal Gaeilge a bhfuil foirmeacha den chúigiú agus díochlaontaí eile acu, féach an tábla "ainmfhocail ildíochlaonacha" san aguisín ainmfhocail Ghaeilge.
Teimpléid Vicífhoclóra
[cuir in eagar]- {{ainm 5}}
Notaí
[cuir in eagar]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar]- An Caighdeán Oifigiúil, 2017
- A Grammar of the Irish Language, O'Donavan, 1845
- Gramadach na Gaeilge ar Nualéargais
- Irish declension ar Wikipedia
- Irish declension ar WikiBooks, le ceachtanna
- Declension overview and guesser ar Nualéargais
- Acoimre díochlaonta Gaeilge ar Project Gutenberg
Féach freisin
[cuir in eagar]