Jump to content

Úsáideoir:Marcas.oduinn/Foilsithe/Ainmfhocail 3ú/180416

Ón Vicífhoclóir, an foclóir ábhair shaor.

Tá ainmfhocail idir fhirinscneach agus bhaininscneach sa tríú díochlaonadh; tá claonadh ag iarmhíreanna áitrithe, ámh, inscne éigin a bheith acu. Is féidir leis an ainmneach uatha críochnú ar chonsan caolleathan.

Is í saintréith an tríú díochlaonadh ná an ginideach uatha agus consan leathan[1] + a aige.

Is ionann an tabharthach uatha agus an ainmneach uatha.

Is tréan iad iolraí an tríú díochlaonta, agus fíorbheagán eisceachtaí ann.

Is ionann an gairmeach, idir uatha agus iolra, agus an tuiseal ainmneach.

Gnáthiarmhíreanna

[cuir in eagar]

Tá anfhlúirse déirí, idir leathna agus caola, ag ainmfhocail aonsiollacha an tríú díochlaonta, m.s., droim, fuil, gleann.

Tá a lán iarmhíreanna ar leith sa tríú díochlaonadh a ngabhann le hainmfhocail ilsiollacha. Úsáidtear a lán dóibh chun ainmbhriathra a chruthú, agus iad sa tríú díochlaonadh mar shubstainteach (bain), m.s., tógáil, imirt, cailliúint. Úsáidtear cuid eile dóibh chun a leanas a chruthú: ainmfhocail ghníomhaí (fir), m.s., bádóir, cuiditheoir, siúinéir; agus ainmfhocail theibí (bain), m.s., cumhacht, eolaíocht.

Díreann liosta na n-iarmhíreanna a leanas aird ar an inscne a mbaineann leo.

An ginideach

[cuir in eagar]

Is í saintréith ghinideach uatha an tríú díochlaonta ná go gcríochnaíonn sé ar consan leathan + a, m.s.,gleann, gleanna.

Más caol í an fhréamh, leathnaítear í, m.s., droim, droma; fuil, fola; tógáil, tógála.

Agus an iarmhír íl i gceist, scríobhtar o roimh an consan l chun é a leathnú: -íl bain., -íola.

Agus an iarmhír úint i gceist, báitear an t deiridh: leanúint bain., leanúna.

Agus an iarmhír irt i gceist, séimhítear an t deiridh: imirt bain., imeartha.

Lagiolrai

[cuir in eagar]

Is í saintréith lagiolra ná gurb ionann an ginideach iolra agus an ainmneach uatha. Níl ach beagán [3] dá leithéid sa tríú díochlaonadh. Is í mar iarmhír ag ainmneach iolra na nainmfhocal seo ná a.

  • as, gu. -a, ai. -a (lit.)
  • béas, gu. -a, ai. -a
  • crios, gu. creasa, ai. creasa (freisin tréan)
  • dath, gu. -a, ai. -a (freisin tréan)
  • deasghnáth, gu. -a, ai. -a
  • dol, gu. -a, ai. -a
  • dreach, gu. -a, ai. -a (freisin 2a)
  • dreas, gu. -a, ai. -a
  • dún, gu. -a, ai. -a (freisin 1d, tréan)
  • fuath, gu. -a, ai. -a (freisin tréan)
  • mionn, gu. -a, ai. -aí (NB iolra)
  • ros, gu. -a, ai. -a (freisin 1d lag)
  • tráth, gu. -a, ai. -a (freisin tréan)
  • tréad, gu. -a, ai. -a
  • treas, gu. -a, ai. -a
  • ur, gu. -a, ai. -a (lit.)
  • smacht, gu. -a, ai. -a
béas fir. Uatha Iolra
Ainmneachbéasbéasa
Gairmeacha bhéasa bhéasa
Ginideachbéasabéas
Tabharthachbéasbéas

Tréaniolraí

[cuir in eagar]

Is í saintréith tréaniolra ná gurb ionann an ginideach iolra agus an tainmneach iolra. Iarmhíreanna a bhfuil sa tríú díochlaonadh ná:

  • , í
    • ainmfhocail aonsiollacha (ach ní ainmbhrithra) ar áil: dáil bain., dál
    • iarmhíreanna éir, óir, úir: bádóir, bádóirí
    • iarmhíreanna áint, úint: leanúint, leanúintí
    • iarmhíreanna acht: eolaíocht, eolaíocht
  • ta, te
    • ainmfhocail aonsiollacha ar n: gleann fir., gleanta; bliain bain., blianta; móin bain., móinte
  • anna, eanna
    • ainmfhocail aonsiollacha: am fir., amanna
  • acha
    • ainmbhriathra mar shubstainteach ar áil: tógáil bain., tógálacha
    • samplaí eile: Samhain bain., Samhnacha (le coimriu)
  • a:
    • ná bheith measctha le déirí lagiolra
    • flaith fir., flatha
    • fuil bain., fola
    • muir bain., mara

Aonsiollach, consan caol

droim Uatha Iolra
Ainmneachdroimdromanna
Gairmeacha dhroima dhromanna
Ginideachdromadromanna
Tabharthachdroimdromanna

Aonsiollach, -an

gleann Uatha Iolra
Ainmneachgleanngleannta
Gairmeacha ghleanna ghleannta
Ginideachgleannagleannta
Tabharthachgleanngleannta

Iarmhír -óir

bádóir Uatha Iolra
Ainmneachbádóirbádóirí
Gairmeacha bhádóira bhádóirí
Ginideachbádórabádóirí
Tabharthachbádóirbádóirí

Ainmfhocail ilsiollacha

[cuir in eagar]

Is ilsiollach iad formhór ainmfhocal an tríú díochlaonta, le gnáthiarmhíreanna mar atá luaite thuas, agus is intuartha iad a n-inscne agus a n-iolra:

  • -éir, -óir, -úir: fir.; í (caol)
  • -áil, -íl d'ainmbhriathra mar substainteach: bain.; + acha (leathnú)
  • -acht, -úint, -irt: bain.; í (vaol)

Don fhuílleach atá ilsiollach, tá roinnt patrún ann:

  • -ain: bliain, Samhain

Ainmfhocail aonsiollacha

[cuir in eagar]

Tá tacar sách beag[4] ann d'ainmfhocail aonsiollacha sa tríú díochlaonadh of monosyllabic nouns, agus réimse mór deirtí consan acu.

Tá roinnt pátrún ar leith ann:

  • fréamhacha ar -i(o)-
    • de ghnáth, aithrithe go -ea- sa ghinideach uatha (níos annamha sna hiolraí)
    • go mórmhór firinscneach
  • deireadh ar -th
    • go mórmhór firinscneach
  • deireadh ar -ch(t) leathan
    • go mórmhór firinscneach
  • cuid eile le sórtáil
  • Is féidir le hainmfhocail substainteacha (murab ionann is ainmbhriathra) ar acht agus áil bheith firinscneach nó baininscneach, nó bheith ina mball le díochlaontaí eile ar fad.

Fréamhacha ar -i(o)-

[cuir in eagar]

Ar deireadh -th leathan

[cuir in eagar]

Ar deireadh -ch(t) leathan

[cuir in eagar]

Cuid eile le sótáil

[cuir in eagar]

Ainmfhocail ildíochlaonacha

[cuir in eagar]

Le haghaidh liosta ainmfhocal Gaeilge a bhfuil foirmeacha den tríú agus díochlaontaí eile acu, féach an tábla ainmfhocal ildíochlaonach san aguisín ainmfhocal Gaeilge.

Teimpléid Vicífhoclóra

[cuir in eagar]
  1. leathnaithe más gá
  2. Agus iad úsáidte chun ainmbhriathra a chruthú, is baininscneach iad na hiarmhíreanna seo. Caithfear bheith cúramach, ámh, le hainmfhocail aonsiollacha ar -áil. Cé go bhfuil dáil sa tríú díochlaonadh ach firinscneach, is baininscneach iad cáil and sáil, ach sa 2a díochlaonadh.
  3. Tá 16 ainmfhocal ann sa liosta ag 22ú Feabh 2018, foinsithe ó WikiBooks, Nualéargais agud An Caighdeán
  4. Níl sé i gceist ag na liostaí a leanas gurb iomlán iad. Tá 116 ainmfhocal ann ag 08-Már-2018, foinsithe ón Chatagóir Wiktionary, O'Donavan's Irish Grammar, agus teanglann

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar]

Féach freisin

[cuir in eagar]



Catagóir Aguisíní Gaeilge Ainmfhocail 3ú